Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2020

D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020.

Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu

  • torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.

Tá an tuarascáil ar fáil thíos

Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2020

    1. Toradh airgeadais an Státchiste do 2020

    2. Achoimre ar chostas na freagartha do Covid-19 – Márta 2020 go Feabhra 2021

    3. Cistiú a fuair údaráis áitiúla ón rialtas láir

    4. Cuntasaíocht vóta agus bainistíocht buiséid

    5. Caiteachas ar theicneolaíocht agus oiliúint spéaclaí oíche don chuardach agus tarrtháil

    6. Scéimeanna deontais atosaithe Covid-19

    7. Maoirseacht ar mhaoiniú do Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020

    8. Maoirseacht ar an íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP)

    9. Rialtacht íocaíochtaí leasa shóisialaigh

    10. Bainistíocht ar achomhairc leasa shóisialaigh

    11. Rialuithe maidir le híocaíocht dífhostaíochta phaindéim Covid-19

    12. Rialuithe maidir leis an scéim fóirdheontais shealadaigh pá

    13. Bainistíocht na gCoimisinéirí Ioncaim ar thuarascálacha maidir le  hidirbhearta amhrasacha

    14. Tobhaigh an Chiste Cúitimh Árachais a mheasúnú agus a bhailiú

    15. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

    16. Ciste eascró Apple na hÉireann

    17. Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann